HOME > Cén dóigh a n-oibríonn sé?

Seirbhís ar líne is ea RisolviOnline a chuireann an Cumann Idirghabhála Milan ar fáil a éascaíonn d'aighnis thráchtála a réiteach go simplí agus go heacnamaíoch trí logáil isteach ar an Idirlíon.

Is féidir go mbainfidh tomhaltóirí/úsáideoirí aonair agus fiontair úsáid as RisolviOnline. Is féidir le dlíodóir iarratas ar idirghabháil a chur isteach nó páirt a ghlacadh san iarracht idirghabhála, ag gníomhú mar ionadaí faoi choinne tomhaltóra nó fiontair. Is féidir gach aighneas tráchtála a chur isteach chuig RisolviOnline beag beann ar a luach nó ar náisiúntacht na n-aonán atá páirteach.

Le RisolviOnline is féidir réiteach sásúil a aimsiú, le cúnamh ó idirghabhálaí neodrach ar saineolaí i mbainistíocht coimhlinte é ar dhóigh neamhfhoirmeálta agus i dtimpeallacht rúnda. Tabharfar faoin iarracht idirghabhála trí phlé a dhéanamh ar an fhadhb i bhfíor-am trí mheán líne chomhrá nó trí mheán fóraim chomhrá ag baint úsáide as limistéar príobháideach ar an láithreán Idirlín nach féidir ach leis na páirtithe, leis an idirghabhálaí agus leis an oifigeach Cumainn Idirghabhála atá i gceannas ar an seirbhís teacht air. 

Beidh na páirtíthe in inmhe cumarsáid a dhéanamh le cúnamh an idirghabhálaí ina limistéar príobháideach féin, ag míniú a gcuid cásanna féin san iomlán, ag míniú a gcuid éileamh agus ag déanamh measúnachta ar a seasamh cómhalartach chun réiteach sásúil a aimsiú don dá pháirtí trí chluas na héisteachta a thabhairt dá chéile.

Is duine é an t-idirghabhálaí a chuidíonn leis na páirtithe, go neamhchlaonta agus go proifisiúnta, cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus teacht ar réiteach, gan cinneadh ar bith a bhrú orthu. Roghnaíonn RisolviOnline an t-idirghabhálaí ónár liosta idirghábhalithe, cás i ndiaidh cáis, ar bhonn critéir a bhaineann le scil, gairmiúlacht, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht.

Realizzato da Gandini&Rendina